Girseaċ Ġeasaċ na Préataí

A map showing the places where the
events of this story take place. Guala Dubh is on the northeast shore of Loch
Iasg. Teach Sgoile is south of Guala Dubh. An Eaglais is on the northwest shore
of the loch. Loch Bhéal Séad lies to the north of Loch Iasg, connected by the
Abhainn Chorr Abair. Further northeast of there is Allt na Péisde and Gleann
Fhinne. West of Loch Bhéal Séad is the Cruach Gorm, and north of there
Dubhchruach. Baile Dhún na nGall is southwest of all.
Na h-áiteanna ina dtarlaíos ár sgéal
planda préata

Fadó fadó, i n-áit darḃ ainm Taṁnaċ Ṁullaiġ, eadar Loċ Iasg agus an Bearnas Mór, ḃí sean-lánúin ina gcoṁnuiḋe i dtoiġ ḃeag ḟionn-aolta. Peadar agus Bríd Ṁic Ḟionntaiġ atá orṫu, agus óna dtoiġ ḃeag i mbaile fearainn Ġuala Duḃ, ṫig leat na Cruaċa Gorma agus trasna an loċa a ḟeiceáilt.

Tráṫnóna saṁraiḋ aṁáin, faoi lán-ġealaiġ, ḃí Peadar ag teaċt aḃaile i ndiaiḋ ċuidiú le coṁarsa, agus ċonaic sé rud aisteaċ ina ċuiḃreann préataí féin! Ḃí planda aṁáin ina ċaor ċoiṁṫíoċ! D’aṁarc sé níos gaire ar an ṗlanda, agus d’aimsiġ sé foinse an tsolais. Ḃí mion-ġirseaċ ṁaiseaċ ina suiḋe ar ḋuilleog préata ann! Ní raḃ fad ordóige inti, agus ḃí solas suaiṁneaċ ag teaċt uaiṫi.

Duḃairt Peadar leis an ṁion-ġirseaċ “Tá tú faiġte agam mar tá tú anseo, sna préataí a mbím ag siúḃail ṫairis gaċ lá. Caiṫfiḋ sé sa ċinniúint go mbeifeá i do ṗáisde agam féin.” Ṫóg sé í ina láṁaiḃ agus ṫug sé leis aḃaile ċuig Bríd í.

Ní raḃ clann ag an tsean-lánúin roiṁe sin, agus ṫug siad aire ṁaiṫ dá ngirseaċ ġeasaċ. D’ḟás sí go gasta, agus roiṁe ċeann trí míosa, rinneaḋ bean apaiḋ daoiṫe. Lena linn sin, nuair a ḃíoḋ Peadar ag baint préataí, ḃíoḋ sé ag fáilt óir sa talaṁ. Ḃí siad ina sgaiṫ den tsaoġal. Nuair a ḃí Peadar nó Bríd i n-ísle brí, ṫig leoḃṫa aṁarc ar a niġean gléigeal agus ċuir sé ardú meanman orṫu. Sorċa a ṫug siad uirṫi, agus ba ḃean ḃáiḋiúl í.

Aon lá aṁáin, rinneaḋ Féis Ṫaṁnaċ Ṁullaiġ1 ag an sgoil náisiúnta Ċineal Conaill. Ṫáinig daoiní as gaċ cearn fá ċoinne aṁránaiḋeaċta, filiḋeaċta agus seanċaisg. Duḃairt Sorċa Nic Ḟionntaiġ aṁrán galánta i nGaeḋilg ḃlasta, agus ḃuaiġ sí an comórtas aṁránaiḋeaċta.

Ḃí triúr fear faoi ḋraoiṫeaċt ag áilleaċt agus cumas Ṡorċa. Ba iad Seaġán Mac Meanman as Allt na Péisde, Seaġán Mac an Ḃáird as An Eaglais, agus Seaġán Mac an Lúin as Duḃċruaċ2. Ḃí siad go léir ag iarraiḋ3 Sorċa a ṗósaḋ. Aċ níor suim ar biṫ léiṫe aon duine, mar sin ḃronn sí tasc do-ḋeánta ar gaċ fear. An té a ċríoċnóḋ a ṫasc ar dtús, ṗósfaḋ sí é.

Do Ṡeaġán Mac Meanman as Allt na Péisde, ba éigean dó An Claiḋeaṁ4 Solais a ṫaḃairt leis daoiṫe.

Do Ṡeaġán Mac an Ḃáird as An Eaglais, ba éigean dó An Craoḃ Airgid a ṫaḃairt leis daoiṫe.

Do Ṡeaġán Mac an Lúin as Duḃċruaċ, ba éigean dó fiacail as an doḃar-ċú a ċosnaíos Loċ Ḃéal Séad a ṫaḃairt leis daoiṫe5.

an claideamh solais

Anois, ḃí Seaġán Mac Meanman coṁ glic le sionnaċ. Níor ṫig leis gléas ársa a ḟáilt, agus ṫuig sé sin go maiṫ. Ċuir sé Casán na mBráṫar6 de, trasna na gCruaċ Gorm go Glinn Ḟinne, ċuig gaḃa Ḃaile Bó Báinín…

Cupla mí ina ḋiaiḋ sin, ṫáinig Seaġán Mac Meanman ar ais go Taṁnaċ Ṁullaiġ. Ní raḃ Sorċa sásta é a ḟeiceáilt ag teaċt suas an bealaċ go toiġ Ṁic Ḟionntaiġ. Duḃairt a h-áṫair altrama léiṫe “Cad ċuige naċ dtaḃarfá seans de? Lá inteaċt, beiḋ mise agus Bríd marḃ, agus tá imní orainn fár niġean a ḃeiṫ ina h-aonar.” Níor ċuir sí aċ puisín uirṫi féin.

Níorḃ ḟada gur ḃain Seaġán Mac Meanman an teaċ amaċ. Aċ sulma dtiocfaḋ le Peadar copán tae a ṫairisgint dó, ċuaiġ Seaġán síos ar leaṫ-ġlúin, agus ḃronn sé claiḋeaṁ ar Ṡorċa. Duḃairt sé léiṫe “A Ṡorċa, a stór. Tá taisdealta i ḃfad agus i ngearr agam ċun an claiḋeaṁ a ḟáilt duitse. Bíoḋ an claiḋeaṁ ina ċoṁarṫa seirce duit, fiaḋanaise mo ġráiḋ duit.” Ṫóg Sorċa an claiḋeaṁ ina láṁaiḃ. Ċumail sí barra a méar de éadan an claiḋiṁ, ḃí solas ina súile, agus seo mar a laḃair sí: “Níor neaċ buan an té a rinn an claiḋeaṁ seo. Níl sé iomparṫa ag aon laoċ ar biṫ. Cá h-áit a ṡolas loisgeaċ? Cá h-áit a ġreanaḋ draoiṫeaċta? Ní h-é Claiḋeaṁ Solais mo iarrṫa agam.”

Agus mar sin d’imiġ Seaġán Mac Meanman sa foc ar ais go h-Allt na Péisde.

an craobh airgid

Lena linn sin, ḃí Seaġán Mac an Ḃáird as An Eaglais ag smaointeaṁ go mór. Ní raḃ airgead aige, aċ ḃí gliceas ag baint leis fosta, agus ba sgafaire stócaiġ é. Ḃearr sé é féin agus ċíor a ċuid gruaige. Ṡaor sé bróga as diaḃal boċt inteaċt, agus rinn sé ar Ḃaile Ḋún na nGall…

Cupla mí ina ḋiaḋ sin, ṫáinig Seaġán Mac an Ḃáird ar ais go Taṁnaċ Ṁullaiġ. “Ná h-abair gur suiríoċ eile atá ann!” ṡíl Sorċa, nuair a ċonaic sí é. Ḃí rud lonraċ faoina ascaill aige, agus ċuir an raḋarc imní uirṫi. Ṫug Peadar cuireaḋ dó teaċt isteaċ, agus ṫairg sé copán tae don tsuiríoċ. Go doiċeallaċ, ċuaiġ Sorċa ina gcuideaċ cois tineaḋ7.

“Cáide sin, a ṁic?” d’ḟiosraiġ Peadar do Ṡeaġán. “Is í seo An Craoḃ Airgid. Ṫóg mé féin í den ċrann uḃail Eaṁna faoi ḃláṫ. Deánta de airgead atá a coirt, deánta de ór atá a bláṫanna. Leis an ċraoḃ seo, tógaim mo ḃrídeaċ doṁ féin.”

Ḃí Sorċa droċ-ḋaiṫteaċ. Ḃí Sorċa an-imníoċ! Ḃí sí ag smaointeaṁ ar ḋóiġ éalaiṫe, agus ṫáinig bualaḋ ag an doras! “I know you’re in there you filthy thief!” a duḃairt guṫ! D’ḟoscail Peadar an doras, agus cé a ṫáinig isteaċ aċ James Henderson, seodóir Ḃaile Ḋún na nGall! Le linn an ċlampair seo, rinn Seaġán ar aon slí amaċ eile, gan raṫ.

Rug James ar Ṡeaġán dá liopa ṡeacéid. “Until I receive payment, which I now see I never will, that branch is mine! You’ll have me bankrupt! My poor children will starve!” Ṫarraing James Seaġán amaċ, aċ ġlaoiġ Sorċa air: “Wait! I will buy the branch!” Ḃí ór a fuair Peadar roinnte acu eadar ṫoiġṫe Ṫaṁnaċ Ṁullaiġ, aċ tá cuid ṁór acu fós. Ċaoin James cupla deoir sonais, ġaḃ sé buiḋeaċas le Sorċa, agus ṫarraing dorn ar Ṡeaġán Mac an Ḃáird. Ina ḋiaiḋ sin ċoinniġ sé air, agus ní ḟaca Sorċa an Seaġán sin arís.

an dobhar-chú

Ón uair a ḃronn Sorċa a ṫasc air, ḃí Seaġán Mac an Lúin as Duḃċruaċ ag iarraiḋ gaḃail suas go Loċ Ḃéal Séad gaċ lá. Ḃí an portaċ mallaiṫe ag cur air-san i dtolaṁ, agus ḃí sé ag streaċailt gaḃáil níos faide ná An Leaċta Bán. Sin go dtí iarnóin foṁar aṁáin, fá ḋeireaḋ, ḃain sé mullaċ cnoic roiṁ an loċ amaċ. Aċ ṫáinig eagla air nuair a d’aṁarc sé ar an loċ mór le rá. Ċuir sé faitíos mór air ag smaointiú ar ḋuḃ-ṡlán doḃar-con a ṫaḃairt. Ṫug sé céim ar ċúl ina éiginnteaċt, leag sé cos ar ṫalaṁ ḃog, agus ċuaiġ sé go coim sa ṗortaċ.

Ní raḃ duine ar biṫ ṫuas ag Loċ Ḃéal Séad an tráṫnóna sin. Agus a ġlaoite ag géilleaḋ do ṫost ṫur na talún, gealaċ na gconlaċ ag éirí, ṡíl sé gur ċuala sé sblais as an loċ…

litir do Shorcha

Ṫóg fear eile a ṡúil ar Ṡorċa, giḋ naċ raḃ dadaiḋ ráite aige fós. I n-amanntaí, nuair a ḃí sé ag siúḃail amuiġ san oiḋċe, d'ḟeiceaḋ sé Sorċa ag aṁarc ar an ġealaiġ, faoina luisne. Ḃí a ḟios aige go mbíoḋ Sorċa ag cuidiú lena tuismiṫeoirí agus páisdí áitiúla lena litreaċa, agus ḃí an-ṁeas aige uirṫi as sin. Ba é Donnċaḋ Ó Doṁnaill é, agus ḃí sé ina ṫeagasgóir ag Sgoil Náisiúnta Ċineal Conaill.

Aon lá aṁáin, d’ḟág Donnċaḋ litir ġráiḋ do Ṡorċa lena tuismiṫeoirí, nuair a ḃí Sorċa ag bailiú uiḃeaċa. Agus Bríd agus Peadar ina suiḋe ag stánaḋ go staidéaraċ ar an teine, ṫainig Sorċa isteaċ ar ais. Ṫóg Sorċa an litir as an tábla, í dearg fán ṗluic, agus ṡuiḋ sí ar an leabaiḋ raca le léaṁ. Ṡuiḋ Bríd agus Peadar ansin ag súimínteaċt ar a dtae, ag taḃairt aṁairc feasaċ dá ċéile.

As sin amaċ, le ċéile a ba ṁinice a tċíṫí Sorċa agus Donnċaḋ. Ag céiliḋṫe, nuair a ḃíoḋ Sorċa ag rá aṁrán galánta ina Gaeḋilg ḃlasta, tċíṫí do Ḋonnċaḋ gur solas an tsaoil ar fad a loinnriġ ó Ṡorċa.

teach faoi ghealaigh

Ṫáinig an t-earraċ, agus fuair Bríd Sorċa amuiġ, faoi ġealaiġ ḋeirceaċ, ag gol go bog. “Caidé atá ort, a ṫaisgiḋ?” duḃairt Bríd lena niġean dílis. Duḃairt Sorċa gur ċuir Donnċaḋ ceiliúr pósta uirṫi. “Naċ sgéal deas é sin? Cad ċuige a ḃfuil tú ag gol?” Agus iad ag caint, ṫáinig Peadar anall as an toiġ, ag fiosrú caidé an sgéal.

D’aṁarc Sorċa ar a tuismiṫeoirí dílse, agus seo mar a laḃair sí, fá ḋeireaḋ: “Tá mé ar a ḃeiṫ ag iarraiḋ insint seo daoiḃ le tamall, aċ ċoinniġ eagla go gcuirfinn go mór as daoiḃ mé féin siar. Aċ ní ṫig liom a ḃeiṫ ciúin níos faide – ní mór doṁ é ar fad a insint daoiḃ. Ní neaċ an doṁain seo mise. Is tír i ḃfad i gcéin mo áit dúċais, trasna na neiṁe foilṁe, i ḃfad ón áit seo a ḃfuil fraoċ agus feoirṫín ag fás8. Is as an ġealaiġ mise, agus as an ġealaiġ cuireaḋ anseo mé le dáiṁ a ċruṫú, agus a ḟios agam i riṫ an ama go mbeaḋ orm imeaċt, mar ṗionós. Anois, tá an uair ag teaċt – nuair a éiríonn an ċéad lán-ġealaċ eile, tiocfaiḋ mo iar-ṁuinntir le mé a ḟáilt. Níl de raoġa agam aċ gaḃail.” Ċaoin sí go searḃ.

Sgairt Peadar uirṫi “Ní ṫig liom glacaḋ leis seo. Fuair mé féin ṫú i mo ċuiḃreann préataí nuair naċ raḃ fad ordóige ionat-sa, agus tá tú tógṫa againn go dtí go ḃfuil tú coṁ h-ard liom. Cé a ṫógfaiḋ tú uainn? An síleann tú go ligfinn dóḃṫa? Má ṫógann siad ṫú, ġeoḃaiḋ mé bás.”

Ċaoin siad le ċéile, a dteaċ beag fionn-aolta ar a gcúl, an loċ agus na Cruaċa Gorma ag síneaḋ níos faide i gcéin.

Ḃí croiḋe Ḋonnċaḋ brisde ag an sgéala. Ḃí croiḋṫe Ṫaṁnaċ Ṁullaiġ brisde! Aċ níl sé an t-an-ḟad uilig ó ṡin ó ḃí siad ag cur i n-éadan a ḃeiṫ curṫa amaċ as a dtoiṫe féin. Ṫáinig siad le ċéile ansin, tiocfaiḋ siad le ċéile anseo.

Ḃí fuaim goil le cluinstin as toiġ Ṁic Ḟionntaiġ, le titim h-oiḋċe na lan-ġealaiġe. Le cois na teineaḋ, rug Bríd barróg ar Ṡorċa ina láṁaiḃ. Ḃí Peadar ag siuḃal síos suas an seomra. Ḃí Donnċaḋ ina ṡuiḋe. Taoḃ amuiġ, ḃí slua comrádaiṫe cruinniṫe ann. Duḃairt Sorċa go gruama, “Dá láidre do ċosaint, ní ḃeiḋ siḃ i n-inniṁ diúltú do luċt ġealaiġe. Ní ḃeiḋ siḃ i n-inniṁ ḃur ngunnaí a sgaoileaḋ. Nuair a ḃeiḋ siad ag teaċt, fosglóċaiḋ aċan rud os a gcoinne. Ní ḃeiḋ an duine is láidre féin i n-inniṁ a ḃeiṫ ag streaċailt.”

Ar a ngearáin, a ṫáinig dá ḃarr, lean sí uirṫi fríd ḋeoraiḃ: “Naċ ormsa atá an crá. Dá ṁéad gráḋ agam daoiḃ, ní mór doṁ a ġaḃail. Faoin ġealaiġ, d’impínn orṫu ligean doṁ fanaċt bliaḋan aṁáin eile. Ní ḃfuair mé mo aċainí. Ní ġaḃann luċt ġealaiġe i n-aois, níl imní orṫu fosta. Aċ níl mé sásta gaḃail ann. Ní ġaḃfaiḋ mise féin i n-aois, aċ ní ṫiocfaiḋ liom aire a ṫaḃairt daoiḃ nuair a ḃeiḋ aois ṁór agaiḃ.”

“Ná h-abair a leiṫéid de rudaí niṁneaċa”, a duḃairt Peadar go lag. “Ní ligfiḋ mé dóḃṫa tú a ġlacaḋ leoḃṫa!”

nealltaí loinnreacha seoigh

Ṫáinig meán oiḋċe. Soilsíoḋ an teaċ le réab-ġealaiġ. Ḃí sé geal go leor ċun pioċán craicinn duine a ḟeiceáilt. Ar néalltaiḃ loinnreaċa seoiġ ṫáinig as na sbéarṫaiḃ daoiní daṫúla dóiġ. Rinneaḋ stangairí daoḃṫa a ḃí taoḃ amuiġ agus taoḃ istiġ ag an aṁarc. Fá ḋeireaḋ, rinn siad iarraċt tarraingt ar a ngunnaí agus a lánta, aċ ḃí láidreaċt imiṫe as a láṁaiḃ féin, ċaill siad a lúṫ gluaiseaċta. Níor ṫig leoḃṫa aċ aṁarc uaḃṫa, trí ċéile.

Loinnraiġ duine ġealaiġe a ḃí cosaṁail leis an rí, agus lig sé béic: “Ṗeadair Ṁic Ḟionntaiġ! Gaḃ anseo!” D’ḟosgail an doras de ṗreab, agus ṫáinig Peadar amaċ. Sleaċt an seanduine go talaṁ os a ċoṁair, an té a d’ḟuagair a ḋuḃ-ṡlán féin ní i ḃfad roiṁe sin. D’impiġ Peadar ar an rí: “Le do ṫoil…lig dúinne aire a ṫaḃairt do Ṡorċa. Lig daoiṫe fanaċt againn. Ḃí sinn ag taḃairt aire ṁaiṫ daoiṫe. Le do ṫoil!”

D’ḟreagair Rí na Gealaiġe, “A Ṁic Ḟionntaiġ. Is tú atá neaṁ-ḃuiḋeaċ as an am a ṫug muid daoiḃ léiṫe. Is tú atá neaṁ-ḃuiḋeaċ as do stipinn óir. Ba éigean daoiṫe fanaċt liḃse boċta mar ġeall ar ṗeaca ḋeánta aici. Tá téarma pionóis críoċnaiṫe aici, agus ṫáinig muid fána coinne. Dá ṁéad do éagaoin, ní ṫig leat Sorċa a ċoinneáilt. Faiġ í ar an toirt!”

Taoḃ istiġ den toiġ, ṗóg Sorċa Bríd ar a leiceann, d’éiriġ sí ina seasaṁ agus ṡiuḃail sí go Donnċaḋ, agus rug sé barróg uirṫi. Agus iad ag deiġilt óna ċéile, as a póca, ṫóg sí amaċ litir dó. Ṡiuḃal sí go doras, an áit a ḃí Peadar ag gol go cráite. Ṫóg sí a láṁ ar a ġualainn. “Ní de mo ṫoil féin a imím. Go dté tú slán, a ḋeaidí.”

Ṫóg Sorċa Nic Ḟionntaiġ céim ċun cinn, ċuaiġ sí i n-airde ar néal, agus luċt Ṫaṁnaċ Ṁullaiġ ag féaċaint le h-iontas agus le h-eagla, d’éiriġ sí leis na daoiní flaiṫeasaċa, trasna na neiṁe foilṁe, go h-áit naċ ḃfuil fraoċ nó feoirṫinn ag fás.

Ba oiḋċe ḃrónaċ í an oiḋċe réab-ġealaiġe eadar Loċ Iasg agus an Bearnas Mór. Ina dtoiġ ḃeag ḟionn-aolta, ṫeann Peadar Bríd lena uċt, agus iad ag gol go bog.

cipín

Faoi ṡolas na gealaiġe, ḃí Donnċaḋ ag léaṁ litreaċ Ṡorċa. Ḃrúiġ sé an litir i gcoinne a ċroiḋe, agus ṡiuḃail sé aḃaile ċun an toiġe sgoile lena ḟreagair a sgríoḃ.

Le fáinne an lae, d’imiġ leis ó ṫuaiḋ. Ṡiuḃail sé le taoḃ An Ċorrabair, ṫar bráid Loċ Ḃéal Séad agus níos faide isteaċ ar na Cruaċaiḃ. Fá ḋeireaḋ, ṫáinig sé go dtí mullaċ na Cruaiċe Goirme, an mullaċ is airde ina ṫimpeall. D’ḟan sé ansin, ag féaċaint ar néalltaiḃ ag gluaiseaċt suas, go dtí go raḃ an ġrian imiṫe faoi, agus an ġealaċ éiriṫe i n-airde sa sbéir. Ṫóg sé litir do Ṡorċa as a ṗóca, agus ċuir sé í i bpoll beag sa tallaṁ. Las Donnċaḋ cipín, agus é ag lasaḋ na litreaċ, d’ḟéaċ sé ar an ġealaiġ, deora lena ṡúile, ag guí go ḃfeicfeaḋ a stór an solas…

Iarḟocal

I wrote the above as a re-telling of the traditional Japanese story 竹取物語, known in English as The Tale of Princess Kaguya or The Tale of the Bamboo Cutter. In the original tale, the girl is found inside a bamboo stalk, rather than sitting on a potato leaf. There are five initial suitors, compared to the three I adapted. The equivalent three from our tale are tasked with finding:

  • a begging bowl of the Buddha, which should glow with holy light (An Claidheamh Solais)
  • a jeweled branch from a mythical island (An Craobh Airgid)
  • a jewel from a dragon's neck (fiacail as an dobhar-chú)
It is the Emperor who she falls in love with, and Mount Fuji that the letter is burnt upon.

I think the moon as the location of an otherworld populated with celestial beings fits well into traditional stories of the Sinosphere, but is perhaps a little odd in the context of a Gaelic story. However, I feel good about the decision not to change this aspect – it accounts for much of the story's best imagery: the glowing potato plant, the romantic image of climbing to the mountain closest to the moon. I don't think an adaptation where Sorcha/Kaguya goes off into a fairy mound would have the same effect as the impossibility of the distant uninhabitable moon.

Thanks as always are due to Dubhán Ó Longáin for correcting my grammar and being a supportive teacher. Any remaining mistakes are certainly my own, as are the old-fashioned choices in spelling and grammar, which I have made for my own enjoyment and learning. The story is set around the turn of the 20th Century, so it felt appropriate to me to use contemporary spelling. I also generally enjoy more etymological and dialectal spellings regardless of this context. It is important to me to be literate in pre-Caighdeán writing, and I find etymological spellings useful for understanding phonological history.

The use of dative plurals such as néalltaibh is something I have come across in writing up until the dawn of the Caighdeán in the 1950s, though I have read that the pronunciation of the final syllable was usually /i/ in The Christian Brothers' First Irish Grammar Ulster Edition. Séamus Ó Searcaigh's Cloich Cheann-Fhaolaidh also notes that the bh is more often not pronounced. These are both from the first decade of the 20th Century. I find using these dative plurals useful from a learning perspective to make me more conscious of grammatical case, though given distinct dative plurals are defunct(?) in the modern spoken language this is perhaps a pretentious endeavour!

Using sgéal instead of scéal &c. is a personal preference due to a feeling that aspiration is more phonemically salient than voicing in these clusters where the second consonant is tenuis. I have not been consistent about it at all. Writing e.g. ba iad instead of b'iad is also a preference. I don't mind b' &c. but I do find it odd that it's non-standard to write "ba" or "mo" before a vowel. Given that Irish is traditionally spoken in mostly continuous breaths without hard attack, the resulting running together of adjacent vowels means I feel it seems a bit unnecessary to write b'iad. I do write b'fhéidir though…

I hope these writing choices are not too inconsistent for fellow old writing appreciators, or too inaccessible for fellow learners. Mostly I hope you enjoyed the story!

Unfortunately I accidentally used my webcam microphone for the first five recordings, which is why there is a sudden increase in audio quality in the last three recordings. I also had a little bit of a sore throat when recording which I will use as an excuse for my many pronunciation shortcomings. Mostly it seemed to deprive me of my already poor ability to produce voiced velar fricatives.

The font used is Anois Sans from Gaeltacht Type.

  1. Rinneaḋ Féis Ṫaṁnaċ Ṁullaiġ sa ḃliaḋain 1900. Ċum mo ṡin-sean-ṁáṫair Máire Nic Ḟionnlaoiġ (Bean Ṁáirtíniġ (Brocaċ)) an dréaċt seo fán Féis, agus foilsíodh é i n-Irisleaḃar na Gaeḋilge. Ba as Corr an Creaṁ i dTaṁnaċ Ṁullaiġ í, in aice le Guala Duḃ. ↩

  2. Tagairt fuaimniṫe: Pointe LASID 83 [dûʰrɔː]. Quiggin:

    A remarkable reduction of uə > ɔ before the stress occurs in Lɔχ·pʹi꞉Nʹə, ‘a penny­worth’ < Luəχ, Di. luach; krɔχ ·eirʹ, ‘hay-stack’, < cruach.
     ↩

  3. Tagairt fuaimniṫe le iarraiḋ: An taifead seo as Taṁnaċ Ṁullaiġ agus an taifead seo as Glinn Ḟinne /jɛri/ b'ḟéidir. ↩

  4. Tagairt fuaimniṫe: Pointe LASID 83 léarscáil 265[kʟɛ̃ːv′]. The LASID records broad endings of this word in Munster only. Old Donegal writers seem to use the spelling claidheamh and so I have written it that way too. I couldn't find any references for the genitive pronunciation. Maybe it is the same. ↩

  5. Is cat a ċosnaíos Loċ Ḃéal Séad sa sgéal as Taṁnaċ Ṁullaiġ seo, aċ is doḃar-ċú sa sgéal seo eile. Is ḟearr liom doḃar-ċú fá ċoinne mo sgéil. ↩

  6. bealaċ ársa eadar Loċ Iasg agus Gleann Ḟinne ↩

  7. I'd be surprised if this pronunciation still exists in Donegal. In the mid 20th Century there were some remnants in Ulster of lenited broad d being pronunced as a voiced labial fricative, an evolution from its older voiced dental fricative realisation (this is more prevalently recorded elsewhere in Ireland and Scotland, usually in specific grammatical forms e.g. some places only had it on conditional verb forms). The LASID records this in a few places in Donegal for tineadh, including Na Cruacha, and it is used in this recording from Townawilly. I thought it would be fun to use it in my recording of the story. I have been working on an article about this pronunciation for a while but I'm not sure when it will be done. ↩

  8. As an t-aṁrán áitiúl seo, le mo ṡin-sean-ṁáṫair, is cosaṁail é. ↩